Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ag cuimhinliocht th'anam is na flaithis is aoirde reim.40.
Reím agus aismuilt do chleachtas idtúis mo shaoghail
Cé taím im banaltrain caitthe is ní iongnadh é.
Creach mo leanbh agus Seabhach sa d'fiór fhuil Paoir
'Sí Eíre m'ainm agus áthair an áil go tréith. 41
Is tréith do leagas mo hata dom mhaol go tréith
Do'n rioghan bhí i gceannas do fealladh go siór le claon
Theacht 'n-a h-aice nuair a mheasas chun labhairt leí
Uaim a tharrach mara scaipfeadh gathmín ó'n ngréin.42.
Grian gach nduine imthighthe agus réalthan chlúmhail
Ocht ceád, deich fichead, aon cuirim agus míle ar siúd
Ó'n mbhliahdain gur rugadh Mach Muire chun osgailt dúinn
Go dtí an taca gur chuireadh go Conaill an Paorach Fionn.43
Dob' Fhionn dheas tusa is níorb iongnadh in aon cor luím
An talamh 'na gcrithfeadh is go dtuithfeadh na speártha chúghainn
Sin snaoimh a cuirim chun a coinnighthe coidhche dlúth
Cúis osna 'seadh tusa an fhaid feictear feár is drúcht.