School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 168
- XML “Na Soupers”
- XML “Sceith an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhailig:- Conchubhar Ó Drisceóil, Cnochán na mBáirneach
- Do bhí fear thuas i mBeal Dá Chabh tímhcheall dhá ceadh bliain ó shoin. Bhí taidhreamh aige aon oidhche amháin go raibh prócha óir thíos i dTiobradh Árann. Ar maidin amáireach, a bhí chuige, d'eirig sé go moch agus chomáin sé leis go Tiobradh Árann ag lorg an phrócha óir, chun é thabhairt abhaile leis. Nuair a bhí sé tímhcheall lé leath slíghe, do buaileadh fear air agus chuir sé mar cheist air cá raibh sé ag dul. Dubhairt an fear eile leis go raibh sé ag dul go Beal Dá Chab ag lorg óir, go raibh taidhreamh aige cúpla oidhche roimhis sin go raibh óir curtha fé sgáth garraidhe a bhí ag Pádraig Ó Briain agus bé sin Pádraig Ó Briain a bhí ag cainnt leis. "Ó, más sin é," arsa Pádraig "fileadh nach aoinne a bhaile go dtí a áit féin airís." Do chasadar abhaile airís. Nuair a tháinig Pádraig Ó Briain abhaile do chuaidh sé ag bainnt an garraidhe ag lorg an óir. Bhí sé cúpla lá ag bainnt nuair a fhuair sé an ór. Ó'n lá san go dtí an lá indiu sé an ainm atá ar an áit sin ná Sceith an Óir.Bhailig:- Conchubhar Ó Drisceóil, Cnochán na mBaírneach
Fuaireas ó: Seán O'Drisceóil- Collector
- Conchubhar Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí
- Informant
- Seán O Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí