School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 136
- XML “Comharthaí na hAimsire”
- XML “Póstaí”
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Ní phósann aoinne i gCléire Dia Lúain ná Dia Ceadaoín ná Dia hAoine ná i mí na Bealthaine. Tá sé cómruighthe a ámhrach pósadh i mí Abráin nó i mí Meadhon Fóghmair.Fadó shoin do phosadh na daoine san áit seo san Ionaid. Do bídis ag deunamh cleamhnaisí ó Dómhnach Feuch suas go dtí Domhnach a' Puis. Do phósadh ana cuid díobh Oidhche Mháirt Inide. Tá sean fhocal a deireann, " Pósadh na Cásca pósadh lé háthas,
Pósadh na hInide pósadh lé dithineas "Do bhíodh cómhaisire i dtig a' chailín agus cómhaisire i dtig a bhuachalla. Do bhí dhá thíarsa pórtair ins gach tigh díobh agus rínnce ó thuitim oidhche go dtí maidin geal.Deirtí go mbeadh an lámhnú ana ámhrach 'á mbeadh "rud éigin nua, rud éigin críona, rud éigin gorm, agus éigin ar íasacht" á chaitheam aca an lá a phósadís.
Cáit Ní Drisceóil
Cumolán, óPádraig Ó Drisceóil, Ceathramhna - Do mharbhuigheadh na buachaillí go léír dreóilín gach Lá le Stíopháin agus do théidís isteach ins gach(continues on next page)