School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 088
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon thráthnóna amháin timcheall le seasga bliain ó shoin, bhí ana cuid bád ag iasgaireacht amach as Dún-na-Séad, agus as Cléire. Nuair a bhíodar go léir píosa mór lasmuich do Cléire, agus nuair a bhí na líontáin curtha aca, thainig gála mór anoir dtuaidh go h-obann ortha. Ní foláir dóibh annsan na líontáin a tharrach airís, cómh tapaidh is do bfhéidir leó, agus dul go dtí an cuan is goire dóibh. Ní raibh ách cuid dos na líontáin curtha ag cuid dos na báid, ách bhí dhá bhád mór ann, ceann acha ó Cléire, agus an ceann eile ó Dhún-na-Séad, agus bhí na líontáin go léir curtha acha. Bhí an dhá bhád san indiaidh an cuid eile, agus bhí an gála ag fághailt níos measa igcómhnuidhe. Núair a bhí na líontáin go léir tarraiche acha, bhíodar ag déanamh ar cuan Dhún-na-Séad, mar bé sin an cuan ba goire dóibh.
    Nuair a bhíodar ag teacht isteach i mbéal an cuain do shúncáil an bád ó Dún-na-Séad. Nuair a bhí sí ag dul síos d'imthig an bád ó Cléire isteach idir a dhá crann. Bhí seachtmhar fear innti agus do bághadh iad go léir. Do srois na báid eile go léir an cuan sábháltha. Ní folair dóibh fanamhaint isthig sa cuan ar feadh seachtmhain nú coigcíos go dtí gur ciúinig an gala airís. Do dhéin an gála céadhna san ana cuid díobhail eile ar an dtalamh agus ar an bhfairrge.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinséas de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
    Informant
    Séamas Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    21
    Address
    Comalán, Co. Chorcaí