Scoil: Ros Mhic Eoghain (uimhir rolla 1388)
- Suíomh:
- Ros Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seoirse Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean darbh ainm di Máire Ní Murcadha in a comnuidhe i mBhearra fadho. Téigeadh sí amach gach oidhce ag taisteal na tíre leis na daoine maithe nó leis na spridheanna. Dá mbuailfeadh aoinne leí san oidhche nuair a beadh sí idhteannta na daoine ó'n saoghal eile ní feicfeadh siad in aon cor í. Bhiodh an sagart ag gabhail stealleadh dí toisg í beith in einfeacht leis na púcaí. Aon oidhche amháin bhí an sagart amach ar glaodhach ola. Nuair a bhí sé ag dul abhaile baineadh a hata dá cheann agus cuireadh air arís igceann tamall. Lá air na bhaireach do buail Máire leis agus dubhairt sí leis gur baogal dó muna raibh sí féin ann. Dubhairt sí go bfhuair sí an hata agus gur cuir cuir sí ar a ceann é. Ní dubhairt an sagart a tuille leí. Deirtear go mbíodh fios gach sgeal aice agus go bfeadhfadh sí duine do cosaint ó'n mbás nó duine do cuir igcontabhairth a bháis.