Scoil: Ros Mhic Eoghain (uimhir rolla 1388)
- Suíomh:
- Ros Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seoirse Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Mhic Eoghain
- XML Leathanach 100
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Tá lios ar cnoch na sgeach agus deirtí go bhfuil spridheanna le feiscinth ann fós ilár na h-oidhche. Clais mór iseadh é agus claidhe craidh in a thimceall cun daoine do cosaint ón namaidh. Nuair a bhíonn sé ag cur feartainne ní stadann uisce istigh ann pé áit na dtéigheann sé. Ní ceart clais a cur ionnta in aon cur ná aon baint a bheith ag aoinne leis.
2.
Tá lios i nGort Sailleach. Ta trí cloca móra in a sheasamh i gcearcall agus deirtear go mbíonn sidheoga ann i gcomnaide. Ní togfad aoinne as na ni bainfead siad leis an aon chor mar ní ceart é do deanam.
3.
Tá lios eile ibpáirc le Muinntir Arractain i GCurrac Dub. Ta cloca in a seasam an faid céadna ón a chéile agus crann ag fás in a dtimceall. Do bhris duine ceann de na cloca fadó agus do thug sé abhaile iad ac do lean an mí-ádh é comh dona san na raibh suimneas ar bit aige gur cur sé na cloce tar nais.