Scoil: Ros Mhic Eoghain (uimhir rolla 1388)

Suíomh:
Ros Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seoirse Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Mhic Eoghain
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Eascú-luachra do chimilt do duine nuair a dóghfaidhe é.
    2. An duine a lighfeadh eascú-luachra deirtear go mbeadh leigheas in a theangain - go mór mhór do faithne agus nioscoidí.
    3. Dá gcimileóchadh duine eascú-luachar d'á theangain d'fhéadfadh sé piosa iarainn dearg do choimeád i gcoinnibh a theangan gan é féin do dhóghadh.
    4. Punann tuige do lasadh fé bó nuair a bheadh sí breoidhte.
    5. Deirtear go bhfuil leigheas i dteangain madra nó i dteangain sionnaigh nuair cimiltear iad le cneadh nó le créacht.
    6. An t-uisge in a beirbhightear prátaí do chur le faithne chun iad do leigheas.
    7. Líon ruadháin alla do chur ar créacht a beadh ag tabhairt fola chun stop do chur leis.
    8. Dá mbeadh fáithne ar bó, ribe gruaige do thógaint ó'n a h-eirbeall agus é do ceangailt mór-thimcheall na fáithne agus go mbainfeadh sé an fáithne di.
    9. Eidhin do chimilt do ceann duine nuair a bhíonn tinneas cinn aige.
    10. Leigheasann slánlus cnag leis an slánlus do mheascadh ar a chéile agus iad do chur ar an gcnag.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge