Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an bainne ag teacht /dul tré puill an soithigh amach ar an dtalamh.
Sásta leis an droch - obair bhuail sé abhaile. Maidin in a dhiaidh sin nuair do bhuail na daoine amach ní raibh táisc no túairisc le fagháil ar an mbuin. Bhí sí imthighthe & níor leag aoinne súil uirthi on lá sin go dtí an lá indiu.
Creidtear freisin nuair a bhí an Naomh Padraig ar a bhealach go Fuarán gur leig sé a sgíth ar aon dún amháin dos na dúnaibh sin.
Ag an am céadna bhí feirmeoir ins an áit sin & níor chuir sé aon tsuim i sideógaibh. Bh aon cheann amháin des na dúnaibh seo atá luaidhte againn ar a fheilm.
I séasúr an Earraigh dubhairt sé le na chéile go rachadh sé amach & go dtreabachadh sé an dún sin.
Bhí go maith & ní raibh go h-olc. Do bhuail sé le capall & céachta & bhí sé ag treabhadh na talmhan ar feadh an lae.
Sin tráthnóna ar aghaidh leis abhaile go sona sásta. Thóg sé a leabhaidh air féin & thuit codladh air mar bhí sé go h-an tuirseach tar éis an lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Finnegáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus O' Connolly
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Runnabackan, Co. Ros Comáin