Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Roinn a' Bhruicheáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Reamh-Rádh
    Do bhailigh ceann amháin des na páistibh Tomás O Finnegáin - an sgéal seo ón bhfear insan an sráid bhaile.
    Séamus O Connolly an t'ainm atá air Meadhon- aosta iseadh é acht bhí comnuidhe air & a sinnsear roimhe insan sráid bhaile atá luaidthe.
    Sgéal
    Tá suidheamh ar sráid bhaile Roinn - a Bhruicheáin in gleann ar bhun cnuic Fuaráin.
    Tá fotraigh seacht ndún insan sráid bhaile sin. Is féidir iad a fheiceál anois.
    Sin barramhla na ndaoine go mbíonn ansprid na taidhbhse no sideóga ann & ní bhuailfidís tarta tar éis tuitim na h-oidhche. Dubairt an buachaillín a innis an sgéal sin dom go raibh sé féin & a chompánaigh ag imirt in-a n-aice tráthnóna amháin. D'féachadar i dtreo & chonnaiceadar duine aisteach in a sheasamh i lár cinn amháin díobh.
    Tháinig uamhan orta & abhaile leo chomh tapaidh is a bhí in a cosaibh. Nuair a bhíodar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Runnabackan, Co. Ros Comáin
    Bailitheoir
    Tomás Ó Finnegáin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Séamus O' Connolly
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Runnabackan, Co. Ros Comáin