Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Nuair a bhí an Naomh Iosaef, an Maighdean Muire, agus Íosa Críost ag teiceadh on fhearg an Herod bhí turas fada le séanamh acu sul a shroisfidis Egypt.

    Reamh-Rádh
    Chuala mé an sgéal seo on sean-fhear Pádraig Mac Cormac a fuair bás bliadhanta o shion.
    Sgéal
    Nuair a bhí an Naomh Iosaf, an Mhaighdean Mhuire & Íosa Críost ag teitheadh on fhearg an Herod bhí turas fada le déanamh acu sul a shroisfidis Egypt.
    Aimsear fuar, seacamhail do bhí ann & tar éis an lae bhíodar caithte tnáithte, Ní raibh teach nó bóthán le feiceáil & bhíodar i gcruaidh cás.
    Thosuigheadar ag guidhe & tar éis tamaill eile d'airigeadar solus beag i bhfad uatha.
    Do dhruideadar fé dhéin an soluis sin & chonnaiceadar teach beag. Do chnagadar ar an ndoras & tháinig bean amac. Ní raibh le feiceáil istigh ach cliabhán.
    D'fhiafruigheadar dí an dtiubhradh sí lóistín dóibh ar feadh na h-oidhche.
    Ghabh uamhan ar an mnaoi. Bhí fhios aici go maith go mbeadh fearg an domhain ar a chéile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Cormac
    Inscne
    Fireann