Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Nuair a bhí an Naomh Iosaf, an Maighdin Muire agus an leanbh Íosa Críost ag teiceadh on Herod, tainigeadar go dtí fásach.”
Reamh-Rádh
Fuair mé a sgéal seo ón Padraig Ó Duibhir & chuala sé é on a athair. Feirmeoir iseadh é & tá suas le seamhadh bliadain d'aois caitthe aige.Sgéal
Nuair a bhí an Naomh Iosaf, an Maighdin Muire & an leanbh Íosa Críost ag teiceadh on Herod. Thainigeadar go dtí fásach. Bhí gaoth mór ag séideadh & do chaill an Maighin Muire an biorán a bhí in a cóta. Bhí an cóta sin thart timpeall an leinbh.
Casadh leo maor a bhí ag féachaint in a diaidh na mbó & d'iarr sí air biorán a dhéanamh di. Dubhairt sé nach raibh aon am aige mar béigin do aire a thabhairt do na buaibh. Casadh maor leo & thug sé an freagra céadna. Bhí an Mhaighdin Mhuire i gcruaidh cás.
Do trialladar ar aghaidh go dtí gur shroiseadar . Tháinig an gabha amach & nuair do chonnaic sé an cuma a bhí ar an mnaoi bocht ghabh truaigh air &(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)