Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag munadh an Fíor Creidimh dos na duainibh bhí roilic? ann insan áit sin & cuirtí na daoine annsúdh. In aice na h-áite sin bhí sean bhean in a comhnuidhe. Tharla lá gur tháinig an Naomh Pádraig don áit sin & nuair a chonnaic sé an roilic do thug sé a beannacht dó.
Bhí a sean bhean ag féachaint air ag déanamh an ghnímh sin. Casadh an Naomh. Chonnaic sé a sean bhean & do labhair sé léithi & dubhairt sé "Nuair a gheobhaih tú bás ní bheidh turas fada le déanamh agat. Is dócha go gcuirfear ins an roilic seo"?.
"Ní bheidh ar sise ag magadh faoi.
Do shín sí amac maide a bhí fén a asgal aice a baineadh sí usáid as an maide sin nuair a bhíodh sí ag déanamh lín éadach & dubhairt sé ag teasbaint an maide dó. "Faid an maide seo fé dhó".
Tháinig cutach feirge ar an Naomh & dubairt sé "Nuair a chuireas tú acht an meid suime i mo chuid oibre beidh turas níos fuide le déanamh agat. As go brach leis an Naomh annsin go dtí gur shrois sé Cnc Furáin & nuair do leag sé súl air do líonadh a croidhe le grádh leis an áit sin. Do chuir sé Teampul & roilic ar bun annsúd.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brian Brún
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Tultóg, Co. Ros Comáin