Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)

Suíomh:
An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán S. Ó Cuimín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cnoicíní
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Laethanta Áirithe na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aon t-éadach, ná ní athruigheann síad o' na seana-thigh go dtí tig núadh agus an rud ba mhó ní póstar aoine ar an lá san.
    Tá a lán nósa ag baint le Aoíne an Chéasta mar atá, cuireann daoíne prátaí síol ar an lá sin agus síol eile inniún agus coirce. Deirtear go bhfásann siad go maith dá gcuirtí íad an lá san. Tugtar laétheanta na Bó Ríabhaiche ar an dhá lá deiridh de mhí na Márta is an chéad lá de mí Abráin mar úair amháin bhí seana bhó ríabhach ag feirmeóir. Do tháinig an Márta chómh h-olc san gur fhúair an bó bás nách mór leis an droch úain is an t-ochras mar bhí ganntanas féir ar an bhfeirmeóir. Do bhí cúpla lá breágh in deire na Márta is thug an bó ríabhach dubh slán leis an Márta ach do thóg an Márta lá ar iasacht ó Abrán is do mharbh na trí laétheanta san an bó ríabhach mar bhíodar ag séideadh gaoth is báisteach.
    Micheál O Súilleabháin (28)
    Faighte ó m athair
    Cnoicíní
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    28
    Seoladh
    An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí