School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 203
- XML “Laethanta Áirithe na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aon t-éadach, ná ní athruigheann síad o' na seana-thigh go dtí tig núadh agus an rud ba mhó ní póstar aoine ar an lá san.
Tá a lán nósa ag baint le Aoíne an Chéasta mar atá, cuireann daoíne prátaí síol ar an lá sin agus síol eile inniún agus coirce. Deirtear go bhfásann siad go maith dá gcuirtí íad an lá san. Tugtar laétheanta na Bó Ríabhaiche ar an dhá lá deiridh de mhí na Márta is an chéad lá de mí Abráin mar úair amháin bhí seana bhó ríabhach ag feirmeóir. Do tháinig an Márta chómh h-olc san gur fhúair an bó bás nách mór leis an droch úain is an t-ochras mar bhí ganntanas féir ar an bhfeirmeóir. Do bhí cúpla lá breágh in deire na Márta is thug an bó ríabhach dubh slán leis an Márta ach do thóg an Márta lá ar iasacht ó Abrán is do mharbh na trí laétheanta san an bó ríabhach mar bhíodar ag séideadh gaoth is báisteach.Micheál O Súilleabháin (28)
Faighte ó m athair
Cnoicíní- Informant
- Micheál Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 28
- Address
- Garranearagh, Co. Kerry