School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 196
- XML “Fir Bheiginis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fir Bheig InisNí raibh aoinne in Uibh Rathach ná cualadh trácht ar fearaibh Beig Inis ar a neart, ar a luth agus ar a dtréine, ar muir agus sa tír.
Lá éigean do chuadar amac ag iascaíreacht sa bhfairrge, agus do conacadar long mór, agus chuadar fé 'na dhéin, agus do chur an Captaen fáilte rómpa, agus bhí beoir, agus uisge beatha dá taoscadh ortha. Nuair a bhí sé am cun dul abhaile, dubhairt an Captaen go gcoiméadfadh sé ceathar aca, agus go leigfeadh sé an béirt eile dul abhaile cun sceala a thabhairt do muintír. Níor thaitn san le fir Bheig Inis. Siúd láithreach iad ag troid ar son a saoirse, ac is beag an maitheas dóibh é, mar long cogadh b'eadh é. Is gearr go raibh buidhean cógaidh mór-thímcheall ortha, agus sa deire b'eigean dóibh géilleadh do'n Captaón. Nuair a thainig an beirt driothár abhaile, agus gan aon tuairisc ar a gceathar dríothar, ba mhór an tóir a bhí i mBeig Inis. Niorbh fhada go dtáinig na fir górma ar a dtuairisc, agus do sciiob sin leo an beirt dríothar, agus do chuireadar isteach i gcarcar Corcaíghe iad. Tar- éis tamall do tugadh o's chómhar bhreithimh iad, ac ní raibh aoinne ann(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Garranearagh, Co. Kerry