School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Feirmeóir agus an buachaill AimsireBhí feirmeóir ann uair agus bhí buachaill aimsire aige darb ainm do Diarmuid. Ní raibh rath ná treó ar Diarmuid is ba chuma leis cionnus a dheineadh sé an obair do’n fheirmeóir, ach é dhéanamh slíghe éigin dó. Bhíodh sé amach ag bóithreóireacht na h-aon oidhche go dtí a dó uair déag. Is annsan nuair a raghadh sé isteach chaitheadh sé an oidche leathta ar a dteine is ní cuirfeadh an saoghal a codla é. Badh mheasa ná san fós é cur as an leabaidh ar maidin. Bhíodh an feirmeóir ag plé is a’ bruighean leis ag iarraidh comaoin éigin a chur air ach ba bheag an torradh a thugadh Diarmuid air ach scaoileadh leis is leogaint dó bheith a’ cainnt. Bhí a theanga geall leis taithte aige ó bheith a’ bearra air.
Seadh, nuair an bhí a bhliadhain istig ag Diarmuid is dócha go raibh athás a chroidhe ar an bhfeirmeóir.go is ndubhairt sé leis féin go dtabharfaidh sé bata is bóthar dó. Nuair a bhí sé a’ thabhairt a thuarastal dó annsan dubhairt Diarmuid(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Portmagee, Co. Kerry