School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 198
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe na Sean-aimsireBa greanamhair íad tighthe na sean-aimsire agus mór an deifridheacht atá idir na sean tighthe fadó is na sean-tighthe anois. Sé an solas a bhíodh acu ná bior giúmhaise a lasadh agus é do sháth isteach i bpoll ins an thíarta agus do bhíodh muinntir an tíghe go léir suidhte mór tímcheall (an) na teine agus úaireanta coiméadhfadh gach duine an bior núair a thagadh sé go dtí a turn, is núair a bhídís tuirseach de'n gnó san do sháthaidís ins an íarta é arís. Do gheibhidís an giúmhais chun na h-oibre sin ins na portacha agus do thabhairfidís ábhaile an giúmhais ina bheartaibh móra. Annsan do sgolaidís an giúmhais ina smutaí caola fada i dtreó is go bhfanadh an bior ar lasadh go ceann i bhfad.
Sé adhmad a bhíodh ar na tighthe an uair sin, ná adhmad coille, do thabhairfidís an adhmad sin ó'n gcoille ba chómhgaraighe dóibh. Do gheárraidís crann caol agus sgolaidís é ina dhá leath-chúpla agus mar sin go dtí go mbíodh a n-dóithin cúplaí acu. Annsan cuirtí dínnce nó runga tríd an dhá leath-chúpla chun íad do ceangailt dhá chéile idtreó is go sroichidís ó fhalla go(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 25
- Address
- Gleann Chárthaigh, Co. Chiarraí