School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 204
- XML “Caisleán Leitir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caisleán Leitir Tá caisleán Leitir suidhte tímcheall is dhá mhíle go leith ó Cathair Saidhbhín. Tugadh Caisleán Leitir ar an Baile Fearann ríamh ó shoin, mar tógadh an ainm sin ó chaisleán a bhí ann fadó blíanta o shoin. Bhí an caisleán seo suidhte i bpáirc Séamuis Uí Shúilleabháin agus tá a rían le feiscint ann fós mar tá árdán ina raibh an caisleán agus díge móire tímcheall na bhfothrach toisc go mbíodh dígh mhór doimhin tímcheall na gcaisleán fadó chun na namhaide do choiméad amach agus bhí droichead ina rabhadar ábalta ar é do tharrac isteach is amach mar ba mhían leó é.
Treabh de's Mac Crothanaig do chómhnaig ins an g caisleán agus tímcheall na blíana 1649 núair a tháinig "Cromell" go h Éirinn do thosnuig sé ag ionnsaighe na gcaisleán agus á ngábháil. I rith a réime do gabhadh agus do scriosadh na caisleáin go léir i gCiarraidhe agus imeasg na cinn seo bhí caisleán Leitir. Do ruágadh as a seilbh na daoine seo agus chaitheadar bailiúghadh leó, fé dhéin tíortha eile. Deir cuid de's na daoine gur chúadar go dtí an(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí