Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)

Suíomh:
An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán S. Ó Cuimín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cnoicíní
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tighthe na Sean Aimsire.
    Do bhí an tuaith lán de bhotháin bheaga fadó, agus is íad a bhíodh ag na daoine cun cómhnuidhe ionnta. Ní bhíodh díon slinne ortha fé mar a táid anois, ach díon tuighe, agus do bhíodar níos sláinteamhla ná na tighthe atá ann fé láthair. Dá mbeadh tigh cinn slinne acu do cuirfeadh na tighearnaí talmhan cíos árd ortha, nó dá mbeadh an tig bán amuigh tar-éis é do bhánú do dheinidís an céadhna. Ní bhíodh aon fhuinneóg ionnta, ach poll beag agus sop féir cun é do sháthadh ionnta istoidhche. Do bhíodh "clevy" ins gach tig aca nach mór, cun íasg do coiméad ionnta, agus do bhídís lán de súgh.
    Le fé chrainn agus ar taobh na mboithre a bhíodh na tighthe aca, i dtreo is go mbeadh fothain aca ó crúadhtan an Géimhridh. Dá dtagadh stoirm sa Géimhreadh ní fhágadh sé rían na dtighthe ann mar do bhíodh síad déanta chómh greanmhar san. Ní bhídís déanta de straidhean fé mar atá anois, ach de chlocha, martaol, scraitheanna agus le cré. Uaireanta ní bhíodh aon simné
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Griobhtha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Seoladh
    Leitir, Co. Chiarraí