Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)
- Suíomh:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Helen O' Sullivan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Daoine maithe. Scéal Spride. (Co. Chiarraighe)Chualmar go raibh sean-bhean ann fadó go bhfeichtí fé dhroichídin í gach aon oidhche agus bhíodh píp aici dearg go bhfeicheadh na daoine í, bhíodh mí-thráthamhail san oidhche. Seadh: bhí daoine bocht ann n’ feadharmair an óg nó críonna é in aice na h-áite nar ráinig aon ghal tobac aige. Dubhairt sé mar seo le tuitim na h-oidhche; Raghaidh mé fé dhéin an tsean-bhean so a bhíonn fe’n droichead a bhfaighinm aon gal úaithi. Chuaidh, agus bhí sí ann roimis agus bhí bótaire toabc aicí. Shín sí cuige an phíop nuair a chuaidh sé ‘na dhéin. Nuair a tharraig sé a shásamh dí annsan sé cúichí arís í. Guidh sé léi Beannacht Dé let ainm do marbh is le h-anamhan mairbh Caithlicí an domhan go léir. Tharraig sé blást eile arís is do shín sé chúicí arís í is do guidh sé an Beannacht céadna arís léi. Shín sé an tríomhadah h-uair chuige is do tharraig púll eile aisti. Do ghuidh sé an t-slighe céadna arís leis an tríomhadh bleast a fuair sé. Dúbhairt sí go b’sin a raibh de phurgadóireacht uirthi féinig, go raibh sí féin ‘all right’ anois, go raibh a phurgadóirecht churtha dí aici, gurb sídh é an purgadóireacht a bhí uirthi – aoinne a glaodhfadh chúici agus an píop a thógaint uaithi, guidhe le h-anman a marbh. Deir na sean-daoine gurbh é an slíghe go bhfuil tobac ar a dtorramh.