Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “Ag Déanamh an Chleamhnais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag déanamh an chleamhnais
    Chuaidh beirt fhear ‘un tighe oidhche amháin le cleamhnais a dhéanamh. Ba ghortach na daoine muinntir a tighe. Bhí an pota ar a teinidh leis an leite a dhéanmh do’n tsuipéir. Nuair a chuaidh na choimightheacha isteach chuir bean a tighe tuilleadh uisge san phota. Char bhfada gur brisead' uisge sa phota. Char fada gur briseadh suas an cleamhnas agus d’imthigh na fir. Ar a mball baineadh an tuilleadh uisge as a phota. Cha deachaidh na fir i bhfad go dtáinig athrughadh intinne ortha agus d’iompuigh siad arís. Chuaidh an t-uisge insan phota arís. Thosnuigh siad ag béiceadh ar an chrodh agus anois shaoilfeá go raibh an rud uilig críochnuighthe, ach ar mhimidhe eile bhí sé briste suas níos measa ná bhí ariamh. Anois bhíodh siad ‘na seasamh ar an úrlár, agus arís bhíodh siad ‘na suidhe. Agus bhí an pota ar a’ teinidh ag goil agus ag déanamh dramhadáin ar feadh an ama uilig, óir ba mhór le bean a’ tighe an tuilleadh leite a chailleamhaint leóbhtha, muna mbéadh an cleamhnas déanta eatortha agus char chuir sí gráinne mine air go fóill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge