Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Scéal Eile - Púcaí - Cathair Domhnall - Co. Ciarraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal eile Púchaí (Cathair Domhnall) Co. Ciarraighe.
    Bhí buachaill aimsire ag Séamus Ó Fianncaig ar an gcáisleann i gCathair Domhnall. Bhí sé ar aigne dul fé dhéin tairbh go Baile 'n Sceilg is do chuaidh sé a codhladh tráthnóna luath séasúr a d’fhonn chun go n-eireochaidh sé go moch ar maidin cun dul sa chúrsa. Bhí sé i meadhon oidhche san am gur mhothuig sé agus cheap sé go raibh an lá ann. Do thómain sé leis agus é ag seana bhóthair Cúm a Cisde ní raibh aon lá ann. Do bhuail an t-Athar Muiris leis a bhí caillte bliadhna roimis sin. Do bhí aithne maith aca ar a chéile. Do labhair an tAthar Muiris cuige. Dubhairt sé leis gan aon ‘notice’ a thógaint daoine a bhuailfead leis agus a lámh dheas dó’n bhóthar. Ní fada bhí sé gur bhuail an camtha leis. Bhí capall is marcaigh ann is bhí sgannradh air. Mara mbeadh an méid adubhairt an sagairt leis, bheadh sé ní ba mheasa. Ní raibh aon lá aige go dtí gur glan sé an Curráin. Thug sé a chúrsa agus t’réis teacht abhaile do bhuailfeadh bréoidhthe é is thug sé leath bliadhain ‘na luighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge