Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)
- Suíomh:
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uaidh leis. Ach nuair a bhíodar ag imteacht uaidh d'fiafruig an captaen do Thadhg.
"Cad é an saghas fir tusa no cad a thagann annso thú gach aon oidhche."
"Ag faire t-snátha Mháire Ní Mhóráin" arsa Tadhg "Agus sid í an oidhche dheanach agam annso már tá sí chun an t-snátha a thabhairt isteach tráthnóna amáireach."
"A' ndeineann tú aon obair" arsan captaen lé Tadhg.
"Fagaim mó dhóthain ag dul ó thig go tig" arsa Tadhg "agus go mór mhór tigh Mháire Ní Mhóráin bean an t-snátha. Tá sí go h-ana mhaith domh."
"Nach iongantach arsan captaen ná théigheann tú ag tuilleamh dó phágh."
"Do raghainn" arsa Tadhg "dá bhfaigheann an págh lé tuilleamh ach níl aon tuilleamh annso."
"Ná raghfá síos" arsan captaen "go Cloichín an Mhargaidh agus dó gheobhfá págh mór ann ag baint coirce lé corrán."
"Raghadh" arsa Tadhg.
"Má théigheann tú arsan captaen. Cuir sé ainm ar siopa ar a' sráid go gceannóchadh sé corrán ann. D'imtigh Tadhg go dtí gur dhein sé amach Cloichín an Mhargaidh agus do dhein sé amach an siopa agus do cheannuig sé corrán ann agus Dia Domhnaig do sheasamh sé ar an margadh lé'n a chorrán agus ma sheasamh níor híaráil aoinne é. Ach tráthnóna do tháinig fear capaill aníos an t-sráid. Chonnaic sé Tadhg na sheasamh ar an margadh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Má Luain Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Seagha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí