Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall naoi mbliadhain ó shoin tráthnóna aonaigh Neidín i mí Deireadh Foghmhair do bhí fear darb ainm dó Domhnall Ó Conchubhair as Doire Gearáín ag teacht abhaile ó Neidín. Bhí sé istig i dtrucall a chliamhain agus buachaill ón gcomharsanacht agus nuair do shroicheadar crois Ceapa na Coise do thuit géig crainn ar Domhnall Ó Conchubhair agus do marbhadh é. Se an ainm do bhí ar an bhfear eile ná Domhnall Ó Séaghdha agus do briseadh dhá láimh an duine úd i gcúig áiteanna. Tháinig an buachaill eile darb ainm dó Donnchadh Ó Creimín slán.An tráthnóna chéadna chonnaic col-cheathair do Dhomhnall Ó Conchubhair cóiste na marbh ag gabháíl siar an bóthar roimh cearr Uí Shéaghdha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cathbhuaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Cathbhuaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doirín Darach, Co. Chiarraí