Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)

Suíomh:
Doirín Darach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Darach
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá fhear 'na chomhnuidhe i nDoire Gearáin Thuaidh agus sé an ainm ata air ná Mícheál Ó Conchubhair. Bíonn se ag scoruidheacht i gcomhnuidhe agus bíonn sé an-dhéanach san oidhche nuair a fhilleann sé abhaile de ghnáth.
    Oidhche Geimhridh a bhí ann agus bhí Micheál ag teacht abhaile ón siopa agus nuair a bhí sé tar éis na Crosairí do chur dhe do lean an rud so é agus bhí sé i bhfuirm coca féir.
    D'fhéach sé siar air agus tháinig eagla air. Ní raibh fhios aige cad na thaobh gur ghlac eagla chómh mór é. Do lean sé é gur shroich sé Cros Doire Gearáin agus annsan do sgeinn sé as a radharc
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Ní Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gaorthadh Theas, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gaorthadh Theas, Co. Chiarraí