Scoil: Ráithín (B.) (uimhir rolla 9304)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ua Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 444

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 444

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (B.)
  2. XML Leathanach 444
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    An cuimhin leat-sa an oidhche úd fé bhuin an chóca féir, ¶ An cuimhin leat-sa na cainnteanna bhí eadrainn araon

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dá mbeadh mo stór idtig an óil agam pé fada, gearr bheinn ann.
    1V.
    Dá mbeadh bosca snaoise agam is fíor go ndeanfainn greann,
    Píopa fada geal agam is tobac le cur ann
    Mo súirín na luighe ar leabaidh liom is piliúr fé’n ár gceann
    Is go mbuailfainn lucht na mbuaitisí ar a cúilín crathach donn.
    V.
    Dá mbeadh lán na páirce báine agam de buaibh agus do laoighibh
    Tuille ‘gus lán báine agam de ‘guinea’ breaghtha buidhe
    Iad go léir do thabhafainn duit a cuisle geal mo chroidhe
    D’fhonn do thaobh-sa bheith le’m taobh-sa pé fada gearr an oidhche.
    Siobhán Ní Chodlata, Anach beag, (71 bl. d’aois) a thug an t-amhrán seo dhom. Seo dhá líne eile a bhí aici:-
    “Tusa a tabhairt na mianna is na peacaí bíodh ort féin
    Bíodh do rogha de mhnáibh an domhain agat ach bead-sa a’ luighe liom féin”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge