School: Ráithín (B.) (roll number 9304)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ua Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (B.)
- XML Page 444
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“An cuimhin leat-sa an oidhche úd fé bhuin an chóca féir, ¶ An cuimhin leat-sa na cainnteanna bhí eadrainn araon”
(continued from previous page)Dá mbeadh mo stór idtig an óil agam pé fada, gearr bheinn ann.1V.
Dá mbeadh bosca snaoise agam is fíor go ndeanfainn greann,
Píopa fada geal agam is tobac le cur ann
Mo súirín na luighe ar leabaidh liom is piliúr fé’n ár gceann
Is go mbuailfainn lucht na mbuaitisí ar a cúilín crathach donn.V.
Dá mbeadh lán na páirce báine agam de buaibh agus do laoighibh
Tuille ‘gus lán báine agam de ‘guinea’ breaghtha buidhe
Iad go léir do thabhafainn duit a cuisle geal mo chroidhe
D’fhonn do thaobh-sa bheith le’m taobh-sa pé fada gearr an oidhche.Siobhán Ní Chodlata, Anach beag, (71 bl. d’aois) a thug an t-amhrán seo dhom. Seo dhá líne eile a bhí aici:-
“Tusa a tabhairt na mianna is na peacaí bíodh ort féin
Bíodh do rogha de mhnáibh an domhain agat ach bead-sa a’ luighe liom féin”