Scoil: Ráithín (B.) (uimhir rolla 9304)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ua Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 449

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 449

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (B.)
  2. XML Leathanach 449
  3. XML “Scéal ar Fhingín Uí Scanaill an File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal ar Fhingín Uí Scanaill an File
    Bhí Finghín pósta ach má bhí ní raibh sé féin agus a bhean ag tarraingt go ró-mhaith le’n a céile. Maidean Domhnaigh airighthe bhí Fingín agus scata fear ‘na theannta ag seanchas le chéile lasmuigh de’n séipéil roimh Aifreann. Tháinig an sagart agus thosnuigh sé ag cainnt leo. “Connus tá do chúram” ar seisean le Fingín “Connus tá do bhean?” ar seisean. “Is oth liom a rádh leat a athair,” arsa Fingín leis go bhfuil sí go h-olc. Ó! arsan sagart “an mar sin atá an sgéal aici? Cuirfead fé Ghuidhe an Phobail í má seadh.” Bhí sé de nós san t-am úd na daoine a bhí an-bhreoidhte, a bhí i mbaoghal bháis a chur fé guidhe an phobail comh maith le na daoine a bhí tréis bás dfagháil. Bhí sin go maith. Thosnuigh an sagart ag léigheamh an Aifrinn, agus do thosnuigh sé ag léigheamh amach ainmneacha na ndaoine a bhí sé ag cur fé guídhe an phobail. Nuair a ghlaodh sé amach bean Fhingín Uí Scanaill do thug sé fé ndeara an rí-rá dhá dhéanamh idir na mnaibh ag bun an tséipéil agus cé bhí ann ach bean Fingín. Bhí gach aoinne a bhí i láthair ag gáiridhe fé’n sagart.
    T’réis an Aifrinn do bhuail an sagart
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Fleisce, Co. Chiarraí