Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)

Suíomh:
Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Cormac Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 352

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 352

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Leathanach 352
  3. XML “In Aimsir na nDúchrónach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "In Aimsear na nDubh gCrónach"

    Go lúath ar maidin ar an dtríomhadh lá de mí na Nodhlag san mblíán 1922, tháinig na h-Auxillaries go dtí an t-sráid-bhaile seo. Saighdiúirí cródha, dána, neamh-eaglacach do b'eadh íad. Ní raibh eagal duine nó Dé ortha. An lá úd do dheineadar scrios annso. Bhí duine nar bh'ainm do McKenna mar Captaon ortha.
    Thángadhadar tímhceall ar a deich a clog. Chuireadar ciorcal saighdiúirí mór-thímcheall an t-sráid-bhaile. Annsan tháinig cuid acu isteach, ag lorg na lithreacha a bhí gabhtha ag na Poblactánaigh cúpla lá roimhe sin. Núair nár b'féidir leo iad súd d'fháhail, bhíódar ar lán buille. Chúadar isteach ins na tighthibh tábhairne, agus d'óladar a n-dhóthain. Annsan chúadhar síos go tig Ainndríais Uí Mhuímhneacháín, agus os chómhair a dhá shuil amach, dhóghadar a scioból.
    Annsan thóadar é féin leo san ngluaisteán airm. Do chuir beirt acu a ngunnaí cun a chinn agus scaoileadar dhá urchar le chéile i dtreó a chínn. Annsan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. O Dálaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Com, Co. Chiarraí