School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)

Location:
Gneevgullia, Co. Kerry
Teacher:
Cormac Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 352

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 352

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Page 352
  3. XML “In Aimsir na nDúchrónach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "In Aimsear na nDubh gCrónach"

    Go lúath ar maidin ar an dtríomhadh lá de mí na Nodhlag san mblíán 1922, tháinig na h-Auxillaries go dtí an t-sráid-bhaile seo. Saighdiúirí cródha, dána, neamh-eaglacach do b'eadh íad. Ní raibh eagal duine nó Dé ortha. An lá úd do dheineadar scrios annso. Bhí duine nar bh'ainm do McKenna mar Captaon ortha.
    Thángadhadar tímhceall ar a deich a clog. Chuireadar ciorcal saighdiúirí mór-thímcheall an t-sráid-bhaile. Annsan tháinig cuid acu isteach, ag lorg na lithreacha a bhí gabhtha ag na Poblactánaigh cúpla lá roimhe sin. Núair nár b'féidir leo iad súd d'fháhail, bhíódar ar lán buille. Chúadar isteach ins na tighthibh tábhairne, agus d'óladar a n-dhóthain. Annsan chúadhar síos go tig Ainndríais Uí Mhuímhneacháín, agus os chómhair a dhá shuil amach, dhóghadar a scioból.
    Annsan thóadar é féin leo san ngluaisteán airm. Do chuir beirt acu a ngunnaí cun a chinn agus scaoileadar dhá urchar le chéile i dtreó a chínn. Annsan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    M. O Dálaigh
    Gender
    Male
    Address
    Coom, Co. Kerry