Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)

Suíomh:
Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Cormac Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “Scéal Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Sídhe
    Bhí fear sna chómnuíghe i Screathan an Mhíl uair agus feirmeoir do b'eadh é. Níl tásc ná tuairisc ar a thig anois. Bhíodh sé de nós aige dul go siopa éigin cun earraidhe do thabhairt abhaile leis.
    Pé ‘is so nó síud é dó chuaidh sé an oidhche seo, agus bhí sé 'na meadhon oidhche nuair a tháinig sé abhaile. Bhí an oidhche dorcha go leór. Pé scrach-fheacaint a thug sé d'fhéach sé bean allain ag seasamh in aice leis. D’fhiarr sí air ‘’An féidir liom dul isteach ins an dtruchaill. Ní leigfheadh sé dí dul isteach in aon chor agus d’imthigh sí léi ar buille. Do chuaidh sé an tarna oidhche, agus tharlaidh an rud céadna dhó.
    Do cuaidh sé an triomhadh oidhche ach dúbhairt sé leis féin ná leanfhadh sé an áit gur chuaidh sé reoimhe sin. Do chuaidh sé ana fhada siar agus mo láim dhuirt a dhuine ná raibh sí ann roimhe. o bhuail sé an capall agus as go brách leis ach do choimneadh sí le'n chois agus go mhairbh sí ar leach a tíghe féin é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muiris Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Com, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Com, Co. Chiarraí