Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    don a mháthair.
    Aon lá amhain, bhí sí chéasda aige tháinigh sé amach as an luaithruigh.
    Croth sé an luaithruig ar fuaid an tighe ar an bhean bhocht. “De beatha grásta De nach trom an discearéad cuir Dia chugham an lá do chur sé thú chugham” ar sí.
    Bhí bóthainín beag aca agus ní raibh aon díon air agus bhí an braon anuas ortha.
    Fuair sí mala agus d’imthigh sí ó dhoras go doras ag lorg bídh.
    Bhi sí trí lá ag siubhal roimpi.
    D’fhag sí Seán ins an luaithruigh ina dhiaidh.
    D’éirig Seán agus do chroch sé é féinigh, agus tháinig, sé troighthe sé órlach, in-aoirde air.
    D’fhéach sé mór-timceall an tighe.
    D’imthigh se dtí tigh a cómhairsain a d’fiafruigh speal, fuair sé é.
    D’imthigh sé go dtí an choill.
    Thug sé beart mór díon abhaile leis, agus chuir sé in-áirde ar an dtigh é.
    D’imthigh sé an tarna lá.
    Thug sé beart eile leis agus do críochnuigh sé an tigh leis.
    Cuir sé abhaile an speal.
    An ceatharamha lá, d’fhill a mháthair abhaile arís.
    Nuair a tháinigh sí dtí an doras. “Ní hé mo thigh in-ao’-chor ach sé an áit céadna é,” ar sí.
    Nuair a tháinigh sa tigh, bhí Seán sa luaithruigh roimpi ins an Cuma chéadna mar fhag sí é
    “Dé do bheatha” a mháthair. “Á Shean, cé shochruigh an tig” “Shocruigheas féin é a mháthair”
    “Éist is dóca dor bé Séamus Briain, a chuir an díon suas”.
    “Ní headh a mháthair acht mé féinig”.
    Níor chreid sí é.
    Chuir sí síos dinnéir breágh feoil agus d’itheadar i dteannta a chéile.
    Nuair a bhí an dinnéir caithe d’eirig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caomhán Ó Ealuighthe
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Thaidhg Mhic Lochlainn
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Aois
    58
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí