Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Ag gabháil tré Baile Átha Cliath dom do dían mhoch ar maidin ¶ Do casadh cailín óg orm scáil a Roisín ar a leacain

    I
    Ag gabháil tré Baile Átha Cliath dom go dian moch ar maidin.
    Do chasadh cailín óg orm scail an róisín ar a leaca.
    D’fhiosraigh sí (an óg) i nglór chúinn, Cá gcónaíonn tú a mharcaigh.
    Ar a dtuath atá mo lóistín is ann a chónaím le tamall.
    II
    An bhfuil aon scéal nua agat ó's tusa is déanaí a fhágáil baile
    An mhaireann do chéile nó an raibh si riamh agat?
    D'fhagas imo dhiaidh í go tinn diachrach ag an mbaile
    Agus dochtúir (in Éirinn) ní gheibheann sé a leigheasadh a galar.
    III
    Éirigh díom a óig bhean táim breoite leath-mharbh
    Tá muirighean ró óg orm agus ní cóir dom iad do scaipeadh.
    Ó tá do spré nua agat as mór stoc ar talamh
    Do gheobhaidh tusa céile a bheidh ar taobh deas do leabthan.
    IV
    Is dubhach atá mo pháistín ó éagas a bhaile.
    Tá a chuacha gan chíoradh, gan réidh as gan aisce.
    Tá a chuacha gan chíoradh is gan sú acu á chur ina mbeala
    Agus iad siúd ag rince le báisín i ndícheall.
    Is mise ar fuair dathdhaille is ní fhaigheann do lámh féachaint.
    V
    Do thabharfainn duit féirín dá bhféadfadh tú mealladh.
    Haincisiúr craobhach go mbeidh craobh air le caitheamh
    Cnaipí airgid a chur ar do léine dóthain aon fhear ina bheatha.
    A rún searc mo chléibhe níl am féin ach tamall.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Téacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Sheáin Uí Théacháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí