Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Sa Choill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa Choill.
    Bhí fear bocht ann fadó agus bhí aon mhac aige agus cheithre ingín. Bhí a mhac 14 bliain d’aois.
    Ins an seana shaoghal chuaid sé síos go dtí contaé Luimnighe ag tuilleamh tuarastail.
    Tháinig fear suas chuige agus dúbhairt sé leis teacht leis féin agus d’fhan sé leis ar fead dhá bhlian. Bhí a mhac sé bliadna d’aois annsan agus do thug sé cuid den airgead don a bhean, bhí beirt fhear ón áit céadna ag obair leis.
    Do thusmhnigheadhar ar theacht abhaile bhí chúig phúnt déag spára aige tar éis a ghá bhliain, bhí fear aosta ins an tig dúbhairt sé go dtabhfadh sé trí chómhairle dhó ar chúig púaint an cheann.
    Ní thógadh an bheirt fhear eile na chomhairle agus do thug sé na cúig púint deag ortha.
    Do glaodh sé ar an fear seo isteach sa tseómra chun na comhairle a thabairt dó.
    Seo é an céad cómhairle a thug sé dhó:
    Gan aon bhóthar a tógaint tríd an gcoill.
    Seo é an tarna cheann:
    Gan fanamhaint I dtig a bhíonn cailín óg pósta do fhear aosta, ná gan aon rud a dheanamh san oidhche a mbheadh brón ar an maidin.
    Dubhairt sé leis an cailín aimsire bulóg aráin a dheanamh don fhear bocht.
    Do dhéin an cailín aimsire an bológ aráin agus do chuir sé an cailín ag teachtracht agus sar a tháinig an cailín aimsire isteach.
    Bhí an cúig piúnt déag istig san bulóg i ór.
    Ansan d’imeigheadh abhaile ins an maidin do tháinig said go dtí bóthar a raibh cros ann a raibh bóthar ag dul tríd gcoill mór.
    Do chuimhnig sé ar na cómhairle agus do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dumhcha, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dumhcha, Co. Chiarraí