Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “An Teagasc Críostaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Teagasc Críosaidhe, Paidreacha, srl a bailigheadh roinnt bhliana ó shoin ó mhnaoi atá marbh anois:
    M Ó Donnchadha O.S. do bhailigh.

    Seacht n-Oibreacha Corpordha na Trócaire:
    1) Biadh a thubhairt don ocrach
    2) Deoch don tartmhar
    3) Éadach don nocht
    4) Osuidheacht don deóraidhe
    5) Dul ag fíosrughadh na bpríosúnach
    6) Dul ag feúchaint na ndaoine tinne
    7) Dul ag adhlacan na marbh

    Seacht n-Oibreacha Spioradálta na Trócaire
    1) Deagh-chómhairle do thubhairt uait
    2) Oideachas don neamh-fhiorach
    3) Teagasg ar a leas don pheacach
    4) Sólás do dhaoinibh cráidhte buadhartha
    5) Gach easonóir do mhaitheamh
    6) Gach buadhairt d'iomchur go foidhneach
    7) Guidhe ar bheóíbh agus ar mharbhaibh

    Paidir:
    A leinbh Íosa go luighir ar leabhaidh liom
    A Uaim trócairigh go n-éirighir ar maidin liom ,
    A Mhuire Mhathair is do ghéaga ar leathadh liom,
    Is a Micíl naomhtha go saorair m'anam dom.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnoc Uí Leighin, Co. Chiarraí