Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)

Suíomh:
Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
S. Ó Téacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Tobar Eidhne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tugtar Cill Eidhne ar an bparóiste seo. Do chuir Naomh Eidhne eaglais ar bun sa roilg i n-aice le Caisleán Griaire. Bhí tobar fíor-uisge sa roilg i n-aice leis an eaglais.
    Níl aon fhigiuirí ná sgríobhnoireacht ar bith uirthi. Níl an tobar sa roilg anois ach tá an chros ann go dtí an lá indiu. Tá an tobar shíos ins na corracha fé láthair ach tá an chros in a h-áit cheart.
    Nuair a bhí saighdiuirí Cromuil ag dul go dtí an Daingin, do leagadar an sean-eaglais agus do chaitheadar an chros shíos ins na páirceanna. An lá ar na bháireac, bhí an chros i n-a h-áit cheart agus bhí tobar shíos ins na páirceanna. Caitheadar síos ins na corracha arís í agus nuair a gheal an lá na dhiaidh sin, bhí sí n-a h-áit cheart arís. Bhí an tobar shíos ins an áit na raibh an chros. D'fhágadar ann é agus tá sé ann ó shion i leith.
    Ní thugann a lán daoine trusanna ann fé láthair ach foth-dhuine aosta. Deireann daoine go bhfuil an t-uisge go maith chun doaoine go mbíonn a súile tinn do leighisiú.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carraig Áithe, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Sean Thomás Mac Carthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Carraig Áithe, Co. Chiarraí