School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 643

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 643

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 643
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ann fadó dara b'ainim dóibh Siobháinín agus Dómhnailín. Bhí tig beag aca. Do mharbhuigeadar muc do "Scríbín líath an Earraigh". Sin am éigin do'n bhlíain. Do chuireadar isteach i mbairrle í agus salann uirthí, Dúbhairt Dómhnailín le Siobháinín an mhuc a fhágaint ann agus gan aon bhluire a thógaint as go dtí go dtocfadh "Scríbín líath an Earraigh". Dúbhairt sí go bhfágfadh sí ann é. Bhí san go maith gur thainig an chéad lá de "Scríbín líath an Earraigh". Bhí Dómhnailín ag dul amach ag obair agus dúbhairt sé le Síobháinín an deinnéir a bheith ullamh aici nuair a thocfadh sé isteach. Dúbhairt sí go mbeadh. Bhí fear ag dul tímcheall dara b'ainim do "Scían na Coise Duibhe". Do chualaidh sé go raibh an mhuc marbh aige Dómhnailin. Tháinig sé isteach go dtí Siobháinín. "An bhfuil aon scéal nuadh agat?" ar seise. "Tá," arsa an fear, "sé seo an chead lá de "Scríbín líath an Earraigh". "O, tá an ceart agat" arsa Siobháinín "Tá rud anso agam duit," arsa Siobháinín. "Tabhair dom é," arsa "Scían na Coise Duibhe". Do thug sí an mhuc do, agus rith Scían amach an doras agus áthas air. Nuair a tháinig Dómhnailín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Folktales index
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Muirchearthaig
    Gender
    Female
    Address
    Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí