School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 609
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí rígh ann fadó agus ní raibh ach aon mhac amháin aige. Do bhí an rígh ana thré na chéile ar eagla go mbúailfeadh aon nídh ar an mac a thógfadh as an saoghal é, mar shaoil sé go mbeadh an coróin aige na' ghaolta do dhein beart náireach air féin nuair a bhí sé 'na fhear óg. Do bhí coill tímcheall dhá mhíle ó phálás an rígh, agus nuair bhíos aon uair spárálta ag an garsún is ins an gchoill seo a bhíodh sé, ag féachaint ar an crainn go léir agus ag caitheamh aimsire. Do bhí ainmhidhthe fiaidhne go flúirseach ins an gcoill agus do bhí eagla ar an rígh mag gheall ortha so leis, go n-íosfaidís an garsún. Sé an rud a dhein an rígh ná coill a chur a fás anaice a phálás féin agus falla árd mór dtímcheall air. Nuair a bhí an méid sin déanta ag an rígh do bhí sé ana shásta; ach níor shocruig san an sceal. Lá dá raibh an garsún ag dul suas crann go raibh neadéin ann, do thuit sé síos agus do bhris sé a mhuinéal. Nuair a chualaidh an rígh an scéal bhí sé ana bhrónach. Taréis a dhíche [?] a dhéanamh d'imtig an coróin go dtí a namhaid, agus sé an rud a dúbhairt an rígh ná "gur cuireadh ó thig an deamhain go tig a donais é".
- Collector
- Tomás O Néil
- Gender
- Male
- Informant
- Eoghan Ó Neil
- Gender
- Male
- Age
- c. 65
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Kerry