School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 151

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 151
  3. XML “Ag Goid an Ime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bparóiste Bhreanndáin ar an dtaobh tuaidh de chnoc, tá áit ann go nglaodhtar Arragleann air.
    Sa ghleann san fadó, bhíodh líon tíghe a maireachtaint, agus bhíodh a lán líne aca á dhéanamh fé's na buaibh ann.
    Nior bhfada uatha - Gleann a t-Sáis, agus bhí a ainm sin riamh anáirde chun sochair den mbuin, mar ionad chluthmhair.
    Tar éis tamaill do tarla gur bhraitheadar, an lucht áitrimh sin, ná raibh aon bhainne le déanaidhe aige's na buaibh agus ná raibh aon ím aca á dhéanamh fe's mar bhíodh roimis sin.
    Maidin áirighthe bhí lucht an tighe go léir 'na suidhe go moch, agus nuair a bhí sé an am na ba do seoladh abhaile chun a gcrúidhte, do chonnacadar an bhean ag tarrac téadáin na diaidh trí an bhféar agus í ag dul siar thar teórain as a radharc. Dob ait leo mar scéal é, agus dúbhradar go leanfaidís í siar feuchaint cé brigh a bhí aici leis. Seo leotha, agus níor stadadar gur leanadar isteach 'na tig féín í ar an dtaobh thiar de Dhuibhneach. Nuair chuadar isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál O Fín
    Gender
    Male
    Age
    60