School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)84/168
Ní raibh sé ró-fhada imighthe nuair a tháinig Tighearna Talmhan na h-áite go dtí an cheardtain agus d’iarr sé ar an ngabha cruidtí do chur fén a chapall féin an faidh a bheadh sé a déanamh aisti[?] siúbhalóide, agus nach fada bheadh sé uaidh. Dúbhairt an gabha leis go mín mánla go mbeidís ullamh roimis nuair a thiocfadh sé thar nais gan teip.
Nuair a bhí an Tigearna Talmhan imighthe, do chrom an gabha ag machtnamh leis féin agus b’é adhbhar a machtnamh ná gach a bhfeaca sé ag an bhFear Ruadh á dhéanamh.
“An Diabhal mé” ar seisean, ag múscailt as a bhruadar. “Go mba thapaidh an iarracht í, agus déanfaidh mé é thriail ar an gcairiú ceannan so”. Do phreab sé na shuidhe agus seo chait sé sa teallach iad, agus seo ag séideadh na builg é go raibh na sméaróidí ag imtheacht sa spéir: do stad sé tar éis tamaill agus rug sé ar an dteanchair, ‘s d’feach sé ar na crúbha.
“Ó Dia le m’anam, ar seisean. Táid siad go léir léighte, a’s tá sé chómh maith agam theitheadh ón gcroich faid a thá an t-seans agam”.(continues on next page)- Informant
- Tomás Gruiméil
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí