Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt driothár ann fadó. Bhí duine acha saghas simplídhe agus bhí an duine eile ana léigheanta. D'imthig an fear a bhí léigheanta i gColáiste ag foghluim sagartóireacha agus d'fan an fear eile sa bhaile. I gceann trí mbliadhna tháinig sé abhaile ó'n gColáiste agus chaith sé tamall ag a baile. Nuair bhí sé ag imteacht annsan dubhairt sé le 'na driotháir seadh ar seisean fanfhaid tusa ag a baile i dteannta do mháthair. "An mbhriathar ar seisean ná fanfhadh ná bfuil sé cómh ceart agamsa inteacht leatsa.
D'imthigh an t-amadán driothár air agus chas sé isteacht go tig feirmoeóra. D'fiafruigh an feirmeóir dó cad a bhí uaidh. Tá ar seisean ionad aimsire. Do leithéid atá uaim arsan feirmeóir. Cad beithfea ag lorg go ceann bliadhna arsan feirmeóir. Maise arsan t-amadán bocht simplídhe seo pé nídh is dóigh leath(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Ghrífín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí