Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do, agus seo leó airís. Thánghadar arís i gceann lae is bliana agus bhí trí chéad ag an bfear beag agus dhá chéad ag an bfear Mór. Seadh, arsa an fear Mór tá ár ndhothain airgid againn anois agus tá feirm Mhór gá dhíol agus brearra dhúinn í ceannach. Margadh maith arsa an fear beag. D'imthigeadar. Bhíodar ag imteacht feadh an lae nó go dtháinig drúcht is deirineagaidhe na h-oidhche ortha. Sé an áit a bheir an fear mór é ná isteach i gcoill, agus nuair a fuair sé istig i lár na coille é, leag sé chuige é agus phrioch sé an dá shúil amach as le sciain bheag. Bhain sé dho a raibh d'airgead aige, agus seo leis tríd an gcoill. Dhein sé amach nách fada ó bhaile a bheadh sé nuair a bheadh an fear eile caillte.
Phrapáil McCarthy beag é féin isteach i gcoinne crann, agus chuir sé paidrín ar a mhuinéal cun dá ngeobadh aoinne an treó nuair a bheadh sé caillte go mbheadh fhios acha gur Caitilicidhe é, go ndéanfaidís fén bhfódh é. Ní fada a bhí sé ann go mbbraith sé an fothrom ós a chionn anáirde ar an gcrann. Cad a bheadh ann ach trí cínn do phreacháin mhóna dhúbha agus thosnuigheadar ag cainnt mar seo.
Dubhairt an chéad ceann acha go raibh tobar cúig no sé slata ó bhun an chrainn seo agus aon dhuine a bheadh dáll a ragadh go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Seagda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 63
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí