School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Nuair a thiocfaidh an míol mór ar an Mhaing
Nuair a thiocfaidh an franncach ar Shliabh Mis
Nuair a chaillfidh an Eaglais an tsainnt
'Seadh thiocfaidh a chainnt do'n bhfiach dubh!"
Lá eile dá raibh Muiris ag banncáil gainmhí aige Corcaig - na-mBád aige bun Chluain-na-Trágha do bhuail an sagart ar a chapall chuige ag dul treasna na srúlach. Bhíodh cloichín beannuighthe ar a bhrollach ag crocadh le na mhuinneál aige agus nuair a thagadh rae nuadh i gcómhnuidhe do shileadh trí bhraon as an gcloichín. "Cathain a geineadh an rae?" arsan sagart. "Le linn na fíor-lárach a cos dheas a chur in uisge na srúlach seadh geineadh an rae," arsa Muiris. Tamall aimsire áirighthe na dhiaidh san nár buaileadh breóidhte capall an tsagairt, agus taréis dochtúirí agus gach leigheas dá'r fhéad sé teacht suas leis do thriail chaith sé teacht i d'iarraidh Nhuiris chun é leigheas. Agus rud a b'iongantach le mórán nár leighis Muiris é gan mórán moille. Níor bhac sé cur isteach ar Mhuiris ná a chúram na dhiaidh san.Pádruig Ó Súilleabháin Rang VII a fuair ó na shean-athair Pádruig Ó Súilleabháin (78bl.)
Ceannárd (=m'athair féin leis)
Ana beannuighthe nó Ana Naomhtha rud beannuighthe ar nós "Agnes Dei"
Hata ar Shiobhán agus prubán(preabán) ar a h-athair (le droch mheas)- Collector
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Chiarraí