Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 369

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 369
  3. XML “An Lámh sa Dorchadas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall leathchead bliadhain o shoin do thuit an rud seo amach. Ní raibh Seán Ua Conchubhair , fear céile na mná d'innis an scéal, is a innseann fós é, ar fóghnamh agus chuaidh sé go dtí scrín na Maigdne Muire i Knock. San am sin bhí air an turus do dheanamh i gceáirr de shaghas éigin agus bhí sé cúig nó sé de laethannta.
    Tháinigh an oidhche na fhuar ar fad agus ní raibh coinne ag an mnaoi leis nuair ná raibh sé tagaithe ag a dó dhéag meadhon-oidhche agus chuaidh sí a codladh. Ní raibh sí ibhfad ina codladh nuair do dúisigheadh í go h-obann. Bhraith sí an lámh á cimilt ar a h-éadan, chuir sí suas a lámh féin, rug sí ar an láimh eile agus d'fháisc an dá láimh ar a chéile . Bhí an lámh fuar, cómh fuar le marbhán , agus ghidh gur bhraith sí í cheap sí ná raibh aon substaint innte. Tréis nóimeit nó mar sin bhí sí imthighthe agus d'éirigh an bhean.
    Chuala sí cnag ar an doras, d'oscail sí é agus cé bhí ann ach a fear céile tréis teacht abhaile. Creideann sí gurbh' amhlaidh a tháinigh duine éigin de na daoine maithe le cur in iúl di go raibh an fear ag an doras.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Gairm bheatha
    Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí