Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 355

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 355

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 355
  3. XML “Seacht mBarraí i nGach Aon Iomaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    pholl in ionad na fuinneoige.
    Aon oidhche amháin bhí mac an tSaoirsigh sin a chuir deire leis féin istigh agus cuireadh an clár isteach i lár an úrláir dó. D'éirigh sé ar buile.
    "Go marbhuighidh an deamhan tú", ar seisean mar cheap sé gur bligeáird abhí ann. D'fheistigh sé an clár, ach má dhein, cuireadh isteach airís chuige é. Labhair sé go searbh airís, agus níor thárla aon nídh eile an oidhche sin. Ach gach aon oidhche go ceann seachtmhaine chuirtí an clár isteach an úrlár dó fé dhó. Sa deire , aon oidhche amháinnuair a cuireadh isteach an clár dubhairt sé leis féin go mb'fhéidir gur duine éigingo raibh trioblóid éigin air abhí ann agus go labharfadh sé go cneasta leis.
    "Cé tá ann?" ar seisean , "nó bhfuil aon trioblóid ort?".
    "Mise t'athair" arsa'n guth, "agus níor thóg Dia orm é gur chuireas deire liom féin, mar chailleas mo réasún trí bhuaidhirtaigne, agus bhí sé de bhuidheachas ag Dia dhom nár thog Sé orm é, agus fós gur thug Sé cead dom teacht agus a innsint díbh nach bhfuil sibh ar an gcreideamh ceart."
    D'iompuigh an chlann seo 'na dhiaidh san , ach bhí muirear eile de Shaoirsigh, sinsear an tsagairt seo againnanois (an sagart a 'innis dom é). Tá sé ráidhte go rabhadar-san ar an gcreideamh Gallda leis. B'é Gearóid, athair críona an Ath. Mhic an tSaoir (é féin) agus chuala an Gearóid san a athair críona féin dá rádh gurbh' é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Athair P. Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 33
    Gairm bheatha
    Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí