Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine bocht ann fadó, sé an t-ainm abhí air Diarmuid Ua Sionnacháin. Bhí duine uasal in aice leis, tugtaoi Mac Uí Bhriain air. Bhí seisean saidhbhir agus bhí uaisle ag dul leis agus chaitheadh na daoine omós mór leis. Cheap an Sionnachán go raibh sé féin cómh saidhbhir le Mac Uí Bhriain agus go mba cheart do na daoine omós duine uasail a thabhairt dó.Lá amhain tháinig file an bealach agus casadh isteach idtigh an tSionnacháin é, agus dubhairt an Sionnachán leis dá gcumadh sé amhrán 'na thaobh agus é chur cómh h-árd le Ua Bhriain go dtuibhradh sé cúig puint dó, agus seo iad na focail a dubhairt an file:Is cosamhail le Ua Briain do thriall deas leath tráigh;Is cosamhail le Ua Briain do shliasaid agus do shlinneánAch ní cosamhail le Ua Briain do dhiallaid ná do ghearrán,Agus fágaim thú an bhliadhain seo id' Dhiarmuid Ua Sionnacháin
- Faisnéiseoir
- Páidín Ó Meádhra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe