Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí gabha ann fadó agus bhí an bhean a bhí aige an oic. Do fhágadh sí sa ceardcain é ar feadh an lae agus ní thugadh sí faic le n-ithe do. Bhíodh an fear bocht lag leis an ocras nuair a gheibheadh sé a dhinnéar. Dhein sé féin agus a dheirbhsiúr seift a cheapadh féachaint an dtiocfadh aon athrú uirthi. Dubhairt an gabha go leigfeadh sé féin air go raibh sé marbh agus go dtiocfadh an deirbhsiúr á caoineadh.
Nuair a tháinig an deirbhsiúr an lá i n-a dhiaidh sin bhí an fear marbh sínte ar an mbórd roimpe agus thosnuigh sí á chaoineadh mar seo.
"B'fhuirist aithint domh-sa ar theacht fé'n sráid dom
Nuair nár chuala fuaim na ceárdchan
Ná tarrac an úird go mear, luthmhar, láidir
Mo chúig céad mairg mar is marbh atá tú
A dhearbhráthair óig agus a dhearbhráthair na gcarad
Is fada siar atá rian na droch-mhná ar do leacain
Fuacht an Gheimhridh agus tart an Earraigh
Easba an éadaig agus an céadlacan fada"D'iompuigh an deirbhsiúr ar an mhnaoi a bhí sa chúinne annsan agus dubhairt
"A bhean úd thuas an chiarsúir síoda
Ná tiocfá anuas agus dul dá chaoineadh"
D'fhreagair an bhean agus dubhairt
"Geobhad-sa fear muna mbeadh ró-chríonna
Acht dearbháthair ní bhfaghair-se go bráth ná choidhche"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sinéad Ní Gogáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Gogáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí