Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Cím chugham aníos inghean an Ríogh, is í go dteann
Fáinne óir ar bhárra baise is sál a coise tré n-a ceann?
Tuagh.2. Braithlín bán ar thaogh an tighe
'S ciaca againne a rachaidh dhá nighe?
Fr. An ghealach is í ag taitneamh sa spéir.3. Dudaí ó dud thar fairrge anoir, fear innste sgéil gan féith gan fuil?
Leitir.4. Léine a deineadh is ní de líon
Do mhac an ríogh a rugadh le buadh
Sgáth na gréine thré n-a taoibh
'S í gan fuilleadh gan fua
Brat a bhíonn ar chapall óg.5. Cá bhfásann an gráinne ná fásann i ngruadh ná i gclais?
Gruadh na gréine.6. Cé tháinig ar an saoghal gan máthair?
Adham, mar is de chré na talmhan a deineadh é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí