School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreabh bocht ann fadó agus chomhnuigh sí imBaile 'n t-léibhe. Bhí aon mac amháin aice agus bhí an saoghal ag breith ana chruaidh ortha. Dubhairt an mac na bheadh sé féin amhlaidh niba shia agus dubhairt sé go rathadh sé trial fhortúin do fhéin. D'imthigh sé leis agus d'fhág sé slán agus beannacht ag 'n a mháthair agus dubhairt na tiocfadh sé thar nais muna mbuailfeadh aon nídh cóir leis ar feag lae agus bliadhna. Bhí cat sa tig agus cad é uaigneas is bhí air 'ndiaidh an té bhí ag imtheacht agus cuimnig sé na fagadh sé aon rud le n-ithe faid a bheadh sé amuigh. D'imthigh sé na dhiaidh agus tháinig sé suas leis an bóthar síos. Bfearra duit mise a thabhairt leat arsa an cat leis. Ara cad a bail liom duit-se arsa mac na baintreabhaighe. Dar ndóigh ní h-aon ualach duit mise arsa an cat leis. Ní fheadar aidis cad í an cabhair a thabharfadh se fós duit. Téanam ort mar sin arsa an fear leis.
Seo leó agus nuair a bhíodar a(continues on next page)- Collector
- Tomás O Loinsig
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Baile an tSléibhe, Co. Chiarraí