Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá saoire mór iseadh an lá san sa pharóiste seo. An lá roimis sin bíonn triúr sagart ag eisteacht faoistiní agus maidin lae Caitlíona bíonn Aifrionn againn ar a naoí a chlog agus glacann furmhór na ndaoine Camoine. Ní deintear aon obair annso an lá san.Taréis an Aifrinn tugann na daoine an turas sa Teampall.
Téigeann siad timcheall an Teampaill naoí n-uaire agus deireann siad an t-Ave Máire agus an Phaidir gach
uair nuair a bhíonn an turas tugtha acu. Deireann gach duine an Choróin do féin thuas imbarra an Teampaill. Annsan teigeann gach duine go h-uaig a mhuinntir féinig agus deireann siad paidir ann.
Ainm an té go bfuarathas an sgéul uaidhBrígid Bean Uí Lubhaing
A Seóladh - Cílnagcolmán- Faisnéiseoir
- Brígid Bean Uí Lubhaing
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na gColmán, Co. Chiarraí